The name "Lá Nollag Beag" is a direct translation of the word "Epiphany" according to www.englishirishdictionary.com! Of course Lá Nollag Beag is the name of the day which is the Feast of Epiphany and not a light-bulb moment but that suits me fine. This blog begins with an event on the 6th January and I feel it could become a kind of little birth of christ within myself... The blog's theme is a journey back to God.

Dé Céadaoin 13 Meitheamh 2012

Ar dhein mé cúram díom féin inniu?

Is fealsúnaí é mo dheartháir. Rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht san ollscoil. Inné, dúirt sé rud an-chiallmhar. Bhíomar ag caint faoi athrú dearcadh. Meon a athrú i leith an chaoi a mbreathnaíonn tú ar suíomh faoi leith. Go gcabhraíonn sin le dearfacht agus pléigh le suíomhanna áirithe. Mar shampla, in ionad bheith mí-shona faoin bpost atá agam, glacaim leis go bhfuil ceangail agam le Baile Átha Cliath mar gur ansin atá an oifig.
Tá muid beirt freisin ag obair asainn féin go cruthaíodh; go neamhspléach ó fhostóir. Árdaíonn seo an cheist: "Cad is lá fiúntach ann?" Tháinig athrú dearcadh ar mo dheartháir le déanaí i leith na ceiste seo. An cheist nua atá aige ná: "Ar dhein mé cúram díom féin inniu?", sé sin "ar ith mé go maith?", "an bhfuair mé fuíollach codladh?", "an ndearnadh mé cleachtadh coirp?" agus mar sin de. Agus má tá freagra dearfach leis an cheist, sin lá fiúntach.

Dé hAoine 27 Aibreán 2012

'S nach fada, 's nach faide, 's nach fadó

Is fada ó scríobh mé anseo. Ach ná ceap go bhfuil Dia aimsithe nó go bhfuil gach rud mar is ceart. Ná ceap nach raibh gá agam an obair seo a leannacht orm.

Táim tógtha le tograí fúála anois agus blog nua tosaithe agam lena n-aghaidh.
Seo linn. Beimís gnóthach. Ní dócha gur fiú bheith faiteach faoi bheith gnóthach. Faitíos faoi dhaoine a ligeann síos b'fhéidir. Ach tuigeann daoine, dar liom.
Mar a deirtear ar fhógraí slándála ar eitleáin: "tabhair aire do'd mhasc slándála féin roimh cúram a dheánamh do pháistí agus do dhaoine eile".

Ní fiú faic muid muna bhfuil muide muid féin slán.