Ach buíochas le Dia tá tine oscailte sa seomra suite agus tine leictreach sa chistin. Is féidir uisce a théamh le leictreachas. Mar sin níl aon ábhar gearáin agam! Is iomaí duine atá fuar is dócha agus gan na háiseanna sin ar fáil dóibh.
Taitníonn sé liom tine a lasadh agus teas a chur ar fáil dom féin sa seomra suite. Ach tá sraon ar mo chuid oibre freisin dar ndóigh - níl m'oifig nó mo stuideó teolaí. Fiú agus breis geansaithe orm!
Amanta is maith an rud sraonta - tá fadhbanna dá chuid féin i gceist le fuílleach roghanna.