Tá cónaí orm i mbaile fearainn Chaoldra le 5 mhí anuas anois. Bhog mé isteach ar an 26ú Bealtaine agus tá muid anois i mí Deireadh Fomhair - agus an Geimhreadh ag druidim linn.
Tá Caoldra i gCondae Liatroma. Loch álainn den ainm chéanna timpeall an cúinne ón teach.
Ach faraor, tá luchóga ag déanamh a mbealach isteach sa tigín anois. Tá orm an áit a roinnt. Agus ní theastaíonn housemates uaim, go háirithe má táim len iad a mharú. Thrastnaigh siad an teorainn. Seo m'áitse, níl fáilte romhaibh.
Bhí cónaí orm i Má Nuad agus mé páirteach i "Resilient Community" ansin agus le feirm darbh ainm Derrybeg Farm. Sampla de Community Supported Agriculture (CSA) is ea an feirm. Bhí cairdis nua á bhunú agam agus daoine breátha á chastáil orm... agus d'fhág mé i mo dhiaidh iad.
Theastaigh níos mó spáis uaim. Bím ag obair ón mbaile. Theastaigh seomra uaim do gach tasc! Seomra suite, seomra bia/cistin, seomra leapan, seomra staidéir / oifig, seomra fúála, seomra folcadh. Agus tá siad sin ar fad agam.
Scríobhfaidh mé níos mó arís, táim éigcinnte faoina bhfuil uaim. Faoi dheacrachtaí an tuath etc.
The name "Lá Nollag Beag" is a direct translation of the word "Epiphany" according to www.englishirishdictionary.com! Of course Lá Nollag Beag is the name of the day which is the Feast of Epiphany and not a light-bulb moment but that suits me fine. This blog begins with an event on the 6th January and I feel it could become a kind of little birth of christ within myself... The blog's theme is a journey back to God.
Dé Sathairn 24 Deireadh Fómhair 2015
Subscribe to:
Post Comments (Atom)

No comments:
Post a Comment